Rochtain ar shonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
EUROPATairseach Sonraí Oscailte an AECuardach
Menu

An dóigh a bhfeidhmíonn an cuardach

Is éard atá i dTairseach Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh catalóg meiteashonraí a chuireann síos ar bhailiúchán tacar sonraí atá stóráilte ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe sonraí.

Is de mheiteashonraí agus d’acmhainní atá gach tacar sonraí comhdhéanta.

Is é rud é meiteashonraí faisnéis úsáideach faoin tacar sonraí, e.g. an roinn ina bhfuil na sonraí faoi chúram, an tréimhse lena mbaineann na sonraí, agus a gcoinníollacha úsáide.

Is éard is acmhainní ann ná bailiúcháin sonraí sa tacar sonraí.

Is féidir acmhainn a bheith nasctha le:

  • comhad (e.g. scarbhileog CSV nó comhaid RDF)
  • comhéadan feidhmchláir (API), e.g. críochphointe SPARQL
  • acmhainn eile sonraí ar líne.

Tá cineálacha éagsúla acmhainní le fáil sa tairseach, amhail:

  • doiciméid
  • leathanaigh ghréasáin
  • feidhmchláir
  • comhaid sonraí
  • rochtain FTP
  • ointeolaíochtaí. 

Ina theannta sin, tá liosta feidhmchlár le fáil i dTairseach Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh a athúsáideann sonraí oscailte de chuid an Aontais, agus tá feidhm chuardaigh ag gabháil leis an liosta sin.

Ní fada go mbeidh catalóg de léirithe sonraí le fáil freisin. 

 

Tacair shonraí agus acmhainní a bhrabhsáil

Tá 4 rogha ann: