EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023A2107R(01)

Ceartúchán ar Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus cósta i bPoblacht na hAlbáine arna shíniú i dTiorána an 15 Meán Fómhair 2023 (IO L 0, 5.10.2023)

ST/14021/2023/REV/1

OJ L, 2024/90011, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/corrigendum/2024-01-11/oj (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/corrigendum/2024-01-11/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2107

11.1.2024

Ceartúchán ar Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus cósta i bPoblacht na hAlbáine

arna shíniú i dTiorána an 15 Meán Fómhair 2023

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 2023/2107, 5 Deireadh Fómhair 2023)

In Airteagal 22

in ionad:

‘3.   Go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra faoi nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích chuige sin.

4.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

5.   Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an Comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

6.   Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.

Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

7.   Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na hAlbáine, chuig an Aireacht um an Eoraip agus um Ghnóthaí Eachtracha.’,

léitear:

‘Go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra faoi nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích chuige sin.

3.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

4.   Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an Comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

5.   Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.

Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

6.   Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na hAlbáine, chuig an Aireacht um an Eoraip agus um Ghnóthaí Eachtracha.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/corrigendum/2024-01-11/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top