Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Spás Sonraí Soláthair Phoiblí

Image
Public Procurement Data Space

Leas a bhaint as luach na sonraí soláthair ar fud an Aontais Eorpaigh

Ar an leathanach seo is féidir rochtain a fháil ar an Spás Sonraí Soláthair Phoiblí (SSSP), agus ar acmhainní eile a bhaineann le sonraí agus caighdeáin soláthair phoiblí.

1. Spás Sonraí Soláthair Phoiblí (SSSP)

Cuid den tionscnamh maidir le Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha is ea an Spás Sonraí Soláthair Phoiblí (SSSP), darb aidhm leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na sonraí do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa, mar atá leagtha amach sa Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, Feabhra 2020.

I gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le spásanna sonraí sa riarachán poiblí, is é is aidhm don SSSP sonraí soláthair inrochtana, in-athúsáidte agus idir-inoibritheacha a chur ar fáil ar fud an Aontais, ina measc sin sonraí maidir le tairiscintí, conarthaí, soláthróirí agus feidhmíocht soláthair.

Trí rochtain níos fearr ar shonraí soláthair a chur ar fáil, tacaíonn an SSSP le ceapadh beartas fianaisebhunaithe, trédhearcacht margaidh, nuálaíocht, agus comhar trasteorann sa soláthar poiblí. Téann sé chun tairbhe d’údaráis phoiblí, do ghnólachtaí, do thaighdeoirí agus don tsochaí shibhialta.

Seirbhís is ea an SSSP lenar féidir le lucht ceaptha beartas, ceannaitheoirí poiblí, cuideachtaí agus páirtithe leasmhara eile rochtain a fháil ar fhaisnéis soláthair phoiblí a thagann ón leibhéal náisiúnta agus ó leibhéal an Aontais, araon.  Téigh go dtí an Spás Sonraí Soláthair Phoiblí

2. Rochtain ar shonraí soláthair TED agus athúsáid na sonraí sin

Image
Illustration of a person with curly hair holding a green and white megaphone, speaking toward a group of server towers and scaffolding structures, symbolizing communication and digital infrastructure

Féach leat foinsí agus uirlisí sonraí soláthair an Aontais le haghaidh rochtain uathoibrithe:

Is é TED – Tairiscintí an Aontais an leagan ar líne den fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, é tiomnaithe don soláthar poiblí Eorpach 

Cuireann API Cuardaigh TED an críochphointe ‘API Cuardaigh Fógraí’ ar fáil, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí fógraí a chuardach a fhoilsítear san fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Le Seirbhís Sonraí Oscailte TED is féidir amharc ar Shonraí Oscailte TED agus iad a íoslódáil, agus leas a bhaint as na hardteicneolaíochtaí Sonraí Nasctha Saor-Rochtana, amhail iarratais SPARQL. 

Leis an amharc ar an nós imeachta Soláthair Phoiblí, tugtar léirshamhlú so-úsáidte ar na nósanna imeachta soláthair phoiblí bunaithe ar an méid a fhoilsítear san fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3. Caighdeáin le haghaidh sonraí soláthair phoiblí

Chun idir-inoibritheacht agus in-athúsáidteacht sonraí soláthair a chinntiú, tá treoir agus caighdeáin le fáil sna hacmhainní seo a leanas:

Déanann Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair sainmhíniú agus cur síos ar na coincheapa a úsáidtear sa soláthar poiblí agus ar a gcaidrimh, de réir reachtaíocht an Aontais. Is í Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair bunchloch na Sonraí Nasctha Saor-Rochtana sa soláthar poiblí.  

Is iad na Ríomhfhoirmeacha an caighdeán fógartha le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas.

Táblaí údaráis agus tacsanomaíochtaí a úsáidtear sa Ríomhsholáthar, cuirtear ar fáil i bhformáidí éagsúla iad, amhail Skos-core, Skos-ap-act (leagan gníomhachtaithe), xml, atto-xml agus genericode, lena n-athúsáid in idirbhearta agus i dtacair sonraí.