![](/sites/default/files/rms4biz_16.png)
Ní béarlagair gan bhrí a thuilleadh atá sna téarmaí bainistiú dlí agus comhlíonadh dlíthiúil. Is dlúthchuid den ghnó laethúil iad do roinnt mhaith cuideachtaí sa lá atá inniu ann. Is éard is rms4BIZ ann sraith teicneolaíochtaí nua aimseartha atá nasctha le OpenGovernmentData agus a bhfuil sé d'aidhm acu cuidiú le cuideachtaí a gcuid córas bainistithe chomhlíonadh an dlí a chothabháil agus a nuashonrú amach anseo. Tá an deis seo ar fáil a bhuí le corpas reachtaíochta atá ar fáil don phobal, bunachar sonraí atá struchtúrtha go loighciúil, mar aon le feidhmeanna eile atá inmharthana go fadtéarmach.
Faoi láthair baineann rms4BIZ leas as an reachtaíocht atá i gcóras Eur-Lex an Aontais Eorpaigh agus as reachtaíocht Chónaidhm na hOstaire agus na Länder freisin a thagann ó chóras faisnéise dlíthiúla Sheansailéireacht Chónaidhme na hOstaire (https://www.ris.bka.gv.at/).
Ní hé amháin go dtugann rms4BIZ rochtain don phobal ar reachtaíocht atá cothrom le dáta ach tá sé níos éifeachtúla fós toisc gur féidir úsáid a bhaint as cuardach atá spriocdhírithe ar an réimse gnó is ábhartha don chliant. Sa bhreis air sin, féadfaidh an t úsáideoir leas a bhaint as modúl bainistithe atá an éifeachtúil chun monatóireacht agus doiciméadú a dhéanamh ar na tascanna atá curtha i gcrích. Ina theannta sin tá sraith teimpléad tuairiscithe ann le haghaidh meastóireacht agus anailís ar an gcóras.
Is i nGearmáinis amháin atá an feidhmchlár seo ar fáil.