EUssentials | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

EUssentials

Is cuma cé acu duine de lucht caidrimh phoiblí thú, nó duine de lucht gnóthaí poiblí, nó iriseoir, nó feisire Eorpach, fónfaidh  EUssentials duit óir tá sé mar a bheadh compás digiteach ann a thaispeánfaidh an bealach duit trí institiúidí an Aontais Eorpach.

Tá EUssentials ar fáil do ghléasanna Android agus iOS, agus tá na sonraí teagmhála is déanaí ann atá ag gach feisire Eorpach, gach Coimisinéir, gach urlabhraí AE, gach ball cabinet. Ina theannta sin tá liosta áisiúil de na chéad tíortha eile a mbeidh uachtaránacht an Aontais acu. 

Is féidir an aip a úsáid:

  • chun an scéala is déanaí a fháil ó fheisirí Eorpacha, ó Choimisinéirí agus ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus foláirimh fíor-ama a fháil faoi bharúlacha a nochtann siad sin sa Pharlaimint nó i bpreaseisiúintí, agus chun a bheith bord ar bhord leis an aimsir ina dtaobh 
  • chun liostáil le haon cheann de na fothaí nuachta a bhaineann le beartais an Aontais, i dtreo is go mbeidh an barr nuachta is déanaí agat i gcónaí faoi na réimsí is suim leat 
  • chun féilire Pharlaimint na hEorpa a scrúdú agus imeachtaí de chuid na Parlaiminte a chlárú ar d’fhéilire féin
  • chun eolas na slí a iarraidh chuig aon cheann d’fhoirgneamh institiúidí an Aontais, sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg

I mBéarla atá an aip.

 

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Cambre Associates
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Parlaimint na hEorpa
Beartas an AE
Trédhearcacht
Functionality
Database
Maps
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article