![](/sites/default/files/Lewik_white.jpg)
An dteastaíonn uait súil thapa a thabhairt ar CETA, an comhaontú nua trádála idir an tAontas agus Ceanada? An bhfuil tú fiosrach faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh?
Is féidir teacht ar chonarthaí agus reachtaíocht uile an Aontais ar EUR-LEX. Seans gur deacair leat PDFanna an-fhada a láimhseáil, go háirithe nuair nach mbíonn taithí agat ar leagan amach an doiciméid.
Is éard atá in LEWIK cuid de phríomhdhoiciméid an Aontais fara go leor eile nach iad - idir dhoiciméid náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is féidir féachaint orthu i bhformáid inleathnaithe atá i riocht crainn. Nó neachtar acu, is féidir cuardach séimeantach (bunaithe ar SKOS, ceann de chaighdeáin W3C le haghaidh Web 3.0) a dhéanamh.
Tá leagan Béarla agus leagan Slóvaicise de LEWIK ag imeacht, agus rochtain agat ann ar líon méadaitheach doiciméad agus tacar sonraí.