MEPranking - Rangú na bhFeisirí Eorpacha | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

MEPranking - Rangú na bhFeisirí Eorpacha

Is éard atá in MEPranking.eu ná aip gréasáin a thaispeánann duit cé chomh dícheallach agus a bhíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa ag obair ar do shon.

Taispeántar ar an suíomh cén áit atá ag gach feisire Eorpach sa rangú, de réir grúpa polaitiúil, tíre nó coiste parlaiminteach. Ina theannta sin is féidir breathnú ar phróifíl aon fheisire ar leith ach cuardach ‘MEP by MEP’ a dhéanamh.  Sa phróifíl, tugtar miondealú ar ghníomhaíochtaí parlaiminteacha an fheisire, mar aon le tuarascáil ghníomhaíochta sheachtainiúil chuimsitheach, atá inphriontáilte agus a mbíonn cairteacha soléite ag gabháil léi.

Déantar an suíomh a thabhairt cothrom le dáta gach seachtain le sonraí úra ó Pharlaimint na hEorpa faoi na gníomhaíochtaí go léir atá na feisirí a dhéanamh. A leithéidí seo:

  • na díospóireachtaí agus na vótaí a nglacann siad páirt iontu
  • na leasuithe a dhréachtaíonn siad
  • na hóráidí a scríobhann agus a thugann siad
  • na ceisteanna scríofa a chuireann siad síos.

 

An scór a thugtar do na feisirí as a gcuid tuarascálacha agus tuairimí parlaiminteacha, braitheann sé ar an méid ama agus ar an méid dua a chaitheann siad leo. Tá naoi saghas tuarascála ann san iomlán, agus dúshláin ar leith ag baint le gach ceann acu. Cuirtear an méid sin agus an ról a bhíonn ag feisirí sa phróiseas san áireamh sa chóras scórála.

Tá MEPranking ar fáil i mBéarla.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Miquel Català
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Subject
Trédhearcacht
Parlaimint na hEorpa
Functionality
Data visualisation
Statistics
Timeline
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article