Mol sonraí EASME | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Mol sonraí EASME

Cad iad na tionscadail a bhaineann tairbhe as cistí an Aontais Eorpaigh? An bhfuil siad go léir lonnaithe san Eoraip? Mura bhfuil, cé acu is faide ar shiúl? Cad a dhéanann sé agus cad iad na hacmhainní airgeadais atá aige?

Chun na ceisteanna sin agus ceisteanna eile a fhreagairt, tá mol sonraí EASME bunaithe ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

Leis an uirlis idirghníomhach ar líne seo is féidir faisnéis maidir le cláir mhaoiniúcháin an Aontais a ghineadh agus sonraí tábhachtacha agus staitisticí a chur ar fáil chomh maith le léarscáil dhinimiciúil ina dtaispeántar na tionscadail go léir atá á maoiniú leis an gclár. Léirítear leis na pionnaí dearga na comhordaitheoirí tionscadal, agus léirítear leis na pionnaí glasa comhpháirtithe ar thionscadal. Tá achoimre ar gach tionscadal ina bhfuil roinnt eolais ar chineál agus cuspóirí an tionscadail, an buiséad atá leithdháilte air agus na daoine atá rannpháirteach ann – agus naisc lena suíomh gréasáin.

Is féidir tionscadail a chuardach agus a scagadh de réir critéir éagsúla, agus is féidir cuid de na critéir sin a chomhcheangal. Mar shampla is féidir iad a scagadh de réir topaice agus/nó tíre, nó de réir an chineál tionscadail nó de réir raon buiséid. Cliceáil ar an íocón atá ar bharr na stéille léithe ar an taobh clé. Cliceáil ar an íocón grafach sa roghchlár ar an taobh clé chun teacht ar staitisticí agus eolas eile.

Is uirlis chumhachtach chuimsitheach í seo. Más mian leat, is féidir é a leabú ar do shuíomh gréasáin féin. Tá téacs gearr ag bun na léarscáile a thig leat a chóipeáil agus a ghreamú i gcód foinseach do leathanaigh féin.

Tá mol sonraí EASME ar fáil i mBéarla.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide
Data Source
Foinsí eolais éagsúla
CORDA
Butler
eProposal
Subject
Caiteachas poiblí
Clár LIFE (Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide)
Bio-Based Industries Joint Undertaking
COSME
Fís 2020
Functionality
Cartography
Comparative results
Data visualisation
Database
Downloadable graphics
Maps
Statistics
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article