![](/sites/default/files/screen_shot1_11.png)
Is éard atá in Open Data Companion (ODC) pointe rochtana aontaithe ar bhreis agus 170 tairseach sonraí oscailte agus na mílte tacar sonraí ar fud an domhain; ar féidir teacht orthu díreach ó do ghléas soghluaiste. Do ghléasanna soghluaiste a dearadh an aip seo agus tá sí lán de ghnéithe atá optamaithe dóibh agus is bealach éasca áisiúil í chun teacht ar shonraí oscailte agus iad a roinnt.
Is éard atá in Open Data Companion creat lenar féidir leis na tairseacha sonraí oscailte Stáit, Réigiúnacha, Náisiúnta agus Domhanda agus na tairseacha sonraí oscailte san Earnáil Phríobháideach sonraí oscailte a chur ar fáil do gach úsáideoir soghluaiste.
Is féidir Open Data Companion a úsáid chun na tacair sonraí go léir atá ar Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais a bhrabhsáil, a roinnt agus a íoslódáil díreach ó do ghléas soghluaiste. Chun an aip a shuiteáil d'fhonn rochtain a fháil ar Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais, cuardaigh "data.europa.eu/euodp" NÓ "europe".
Is díol spéise na sonraí atá ann anois i ndáil le réimse shíormhéadaitheach ábhar. Is fiú do shúil a chaitheamh orthu!