
Ó bhí 1984 ann, tá na creatchláir um thaighde agus forbairt teicneolaíocha ar an bpríomhuirlis atá ag an Aontas Eorpach le taighde a mhaoiniú san Eoraip. In 2013 tháinig deireadh leis an seachtú creatchlár. Faoin am a tháinig deireadh leis, bhí os cionn €50 billiún de mhaoiniú tugtha do bhreis agus 25,000 tionscadal, in achar seacht mbliana.
An bhfuil a fhios agat cé na tionscadail a maoiníodh? cé na heagraíochta a rinne iarratas i leith na dtionscadal sin? cén sciar den mhaoiniú a bhí ag gach Ballstát? Tá leárscáil agus táblaí (in Iodáilis) ullmhaithe ag an bhfaireachlann ar an seachtú gcreatchlár um thaighde agus forbairt teicneolaíochta, ina léirítear sonraí an chreatchláir seo.