![](/sites/default/files/horizon2020-logohd.png)
Tugann Open-H2020 observatory (faireachlann oscailte ar Fhís 2020) bealach simplí duit le brabhsáil trí na tionscadail a forbraíodh le maoiniú ón gclár Fís 2020 (H2020, nó Horizon 2020 i mBéarla), an clár taighde agus nuálaíochta is mó dá raibh ag an Aontas Eorpach riamh, clár faoina gcuirfear maoiniú ar fiú beagnach €80 billiún é ar fáil thar 7 mbliana (2014 go 2020).
Tá an feidhmchlár bunaithe ar shonraí oscailte. Ar léarscáil idirghníomhach is féidir leat féachaint ar na tionscadail, tuairim ghinearálta a fháil faoin ábhar atá i gceist leo agus comhpháirtíochtaí agus an dáileadh geografach a fheiceáil.
Chomh maith leis sin, is féidir leat féachaint ar conas a roinneadh an maoiniú ón Aontas Eorpach i measc na gcomhpháirtithe, an uair a thosaigh an tionscadal, an uair a chríochnaigh sé agus go leor eile. Déantar nuashonrú míosúil ar na sonraí.