![](/sites/default/files/tendertracking_0.png)
Is éard is aidhm don tairseach seo a dheimhniú go ndéantar an caiteachas poiblí a riar san Ungáir (www.tendertracking.eu/), sa Rómáin (www.ro.tendertracking.eu/) agus sa Pholainn (www.pl.tendertracking.eu/) ar dhóigh atá níos cuntasaí don phobal. Déanann sí gníomhaíochtaí conarthacha a rátáil trí leas a bhaint as táscaire ilchodach ar a dtugtar an tInnéacs um Rioscaí Éillithe.
NÍ THUGANN an tInnéacs eolas faoi chásanna éillithe ar leith. Is amhlaidh a tharraingíonn sé aird ar an riosca éillithe atá ann. Cuireann sé ar chumas úsáideoirí a dheimhniú cén riosca ar leith a bhaineann le cás soláthair phoiblí, má bhaineann, agus cén fáth sin.
Is féidir glaonna ar thairiscintí agus fógraí faoi dhámhachtain conarthaí a íoslódáil go huathoibríoch ar an suíomh Tenders Electronic Daily (TED). Déantar sonraí maidir leis an soláthar poiblí a bhailiú agus a anailísiú. Déantar an tInnéacs um Rioscaí Éillithe a ríomh ansin ar an mbonn sin.
Tá leaganacha den aip seo le fáil sa Bhéarla, san Ungáiris, sa Pholainnis agus sa Rómáinis.