In TIM Open Access gheobhaidh tú sonraí a bhaineann le heolaíocht agus nuálaíocht, a bhfuil rochtain shaor orthu.
Tá breis agus 60 milliún doiciméad sa phríomhbhunachar sonraí agus ina measc tá:
- · Foilseacháin eolaíocha de chuid Semantic Scholar,
- · Tionscadail Cordis,
- · Iarratais ar phaitinní Patstat.
Cuirfimid tuilleadh tacar sonraí rochtana oscailte leis amach anseo.
Tá innéacsú déanta againn freisin ar Thacar Sonraí Taighde Oscailte Covid-19 (CORD-19) le hInstitiúid Allen um an Intleacht Shaorga, agus tá sé ionchorpraithe againn in TIM Open Access. Tá breis agus 50 míle foilseachán eolaíoch ann maidir le taighde a bhaineann le Covid-19, agus déanann muid é a nuashonrú uair sa tseachtain. Tá an téacs iomlán le fáil i 40 míle de na foilseacháin sin agus is féidir mianadóireacht téacs iomlán a dhéanamh orthu.
Má tá tuilleadh eolais uait, féach www.timanalytics.eu, nó seol ríomhphost chuig JRC-TIM-SUPPORT@ec.europa.eu