![](/sites/default/files/YoungEN_7_0.png)
Is é atá in "Young Europeans" uirlis atá ceaptha do dhaoine óga idir 16-29 mbliana. Leis an uirlis seo is féidir tú féin a chur i gcomparáid le fir óga agus mná óga i do thír féin. Tá sí ceaptha lena húsáid ag tuismitheoirí, lucht déanta cinntí, polaiteoirí, múinteoirí etc. ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim faoin nglúin óg san Eoraip.
In "Eorpaigh Óga" tá ceisteanna faoi cheithre théama éagsúla a bhaineann le saol dhaoine óga na hEorpa: mé féin agus mo mhuintir, mé féin agus mo chuid oibre, mé féin agus mo chuid caitheamh aimsire agus staidéir, agus mé féin agus an t-idirlíon. Sula dtosaíonn tú beidh ort a chur in iúl cé acu fear nó bean tú, cén aois tú agus ainm do thíre. Mura bhfuil tú idir 16 agus 29 mbliana d'aois, roghnaigh an aois is mó is spéis leat sa raon aoise seo.
Tá an aip le fáil i dtrí theanga: Béarla, Fraincis agus Gearmáinis.