![](/sites/default/files/Road%20safety%20atlas%20screenshot_16_0_0.png)
Is é rud é an tAtlas Sábháilteachta Bóithre amharcóir léarscáileanna an Choimisiúin Eorpaigh ar thimpistí bóthair san Eoraip. Tugann an tAtlas Sábháilteachta Bóithre staitisticí faoi thimpistí i ngach tír san Eoraip. Chuige sin, úsáidtear léarscáileanna idirghníomhacha agus íomhánna satailíte. Forbraíodh an tAtlas chun cur le heolas an phobail ar bheartas sábháilteachta bóithre na hEorpa. Tá an tAtlas in oiriúint do gach gléas ríomhaire (ríomhaire deisce, ríomhaire glúine, táibléad agus fón cliste). Is as an mbunachar sonraí CARE, bunachar de thimpistí bóthair an Aontais Eorpaigh, a thagann an t-eolas atá san Atlas. Is comhéadan é atá an-éasca a úsáid chun eolas a chur ar na táscairí sábháilteachta bóithre is deireanaí a bhaineann le tíortha na hEorpa. Tá an t-eolas leagtha amach de réir téama.