![](/sites/default/files/drdsi_8_0_0_0.jpg)
Tá tionscnamh á chomhordú ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) sa Choimisiún Eorpach ar mhaithe le tacaíocht eolaíoch a thabhairt do Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Danóibe (EUSDR); táthar á dhéanamh sin i ndlúthchomhar le príomh-chomhpháirtithe i réimse na heolaíochta agus san earnáil phoiblí. Chun an tionscnamh seo a bhunú bheadh gá le pointe amháin rochtana ar shonraí comhchuibhithe as raon leathan ábhar. Tá fóram DRDSI ag dul i ngleic leis an ngá sin trí rochtain a thabhairt ar shonraí ó thionscadail, ó ghníomhaithe i Réigiún na Danóibe agus ó eagraíochtaí uile-Eorpacha. Ina theannta sin, tá DRDSI ina chomhlánú ar infheistíochtaí na mBallstát maidir le Treoir INSPIRE (2007/2/CE) a chur i bhfeidhm. Tá an fóram ag iarraidh cur le líon na dtacar sonraí a thaifeadtar (os cionn 1,700 faoi láthair) agus timpeallacht chomhoibríoch a fhorbairt chun sonraí agus seirbhísí a chomhroinnt le go mbeidh tuilleadh sonraí comhchuibhithe ar fáil ar mhaithe le taighde i réimsí éagsúla (m.sh. caighdeán an aeir agus sláinte an phobail, caighdeán an uisce, ithreacha agus bithfhuinneamh) agus le go mbeidh acmhainn bhreise ann amach anseo, b'fhéidir, chun bogearraí agus seirbhísí a fhorbairt.