C4P | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

C4P

Cad a cheannaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an gcóras soláthair phoiblí, cad iad na táirgí/seirbhísí is mó a cheannaítear, agus cé na cineálacha conarthaí a bhronntar? Cad a cheannaíonn siad faoi chonarthaí áirithe agus cé na soláthraithe atá acu? Cé na deiseanna atá ar líne cheana agus cé na deiseanna ar féidir coinne a bheith leo amach anseo?

Tugtar freagraí ar na ceisteanna sin, agus tuilleadh mar iad, in Ardán C4Pbuaiteoir EU Datathon 2017. Ní gá ach cúpla cnaipe a chliceáil le heolas a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh – tugtar léargas cuimsitheach ar an margadh sin agus déantar anailís mhion ar cheannaitheoirí, soláthraithe, réimsí seirbhíse agus ar dheiseanna atá ann don soláthraí aonair.

Is é an chaoi a ngintear eolas in C4P go ndéantar anailísíocht sonraí ar shonraí soláthair na hearnála poiblí as ted.europa.eu (TED) agus ar shonraí as Córas Trédhearcachta Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh. Nuashonraítear é láithreach má dhéanann an Coimisiún athrú ar na tacair shonraí ábhartha.

Tá C4P ceaptha cabhrú le lucht gnó a straitéis maidir le deiseanna soláthair phoiblí AE a bhunú ar thuarascálacha atá bunaithe ar fhianaise. Tacaíonn sé le gnólachtaí feadh a saolré bainistithe deiseanna, ón uair a shainítear an straitéis gnó go dtí ullmhú na tairisceana agus bainistiú inneachair.

Is i mBéarla atá an aip seo.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
CEADÚNAS
Author
Andreas Thanopoulos
Data Source
TED (Tenders Electronic Daily)
Financial Transparency System (FTS)
Subject
Caiteachas (AE)
Soláthar poiblí
caiteachas poiblí
Trédhearcacht
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Database
Information analysis
Statistics
Timeline
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article