![](/sites/default/files/QualityOfLifeEN_0_17.png)
Is é atá in "Cáilíocht na beatha" uirlis lena bhfaighidh tú léargas ar ghnéithe de cháilíocht na beatha i do thír féin agus lenar féidir leat tú féin a chur i gcomparáid le comhshaoránaigh i do thír féin agus i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus leis an meán san Aontas.
Tar éis duit tír a roghnú, is féidir leat gné amháin de cháilíocht na beatha a phiocadh amach. De ghnáth, bíonn dhá tháscaire éagsúla ann a bhaineann leis an ngné sin. I bhformhór na gcásanna, is féidir eolas a fháil ar leibhéil sástachta daoine aonair faoi tháscaire amháin agus cuirtear eolas oibiachtúil ar an ngné sin ar fáil faoin táscaire eile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí chliceáil ar an "i" in aice le teideal gach táscaire. Má chliceálann tú ar "Data" beidh tú in ann teacht ar na sonraí foinse. Má chliceálann tú ar "Compare" beidh tú in ann do thír féin a chur i gcomparáid leis na tíortha a mbaineann na luachanna is lú agus is mó leo, agus beidh tú in ann na luachanna a bhaineann le do thír féin a chur i gcomparáid le meán an Aontais.
Tá an aip le fáil i dtrí theanga: Béarla, Fraincis agus Gearmáinis.