CONAS A THÉANN AN EORAIP CHUN TAIRBHE DOMSA | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

CONAS A THÉANN AN EORAIP CHUN TAIRBHE DOMSA

Conas a théann an Eoraip i bhfeidhm ar ár saol laethúil? Cén tionchar atá aici ar ár bpoist, ár dteaghlaigh, ár gcúram sláinte, ár gcaitheamh aimsire, ár dturais, cúrsaí slándála, ár roghanna mar thomhaltóirí agus ár gcearta sóisialta?
Conas a fhágann an Eoraip a lorg ar ár mbailte, ár gcathracha agus ár gceantair?

Mar shaoránaigh na hEorpa, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn nó conas a bhainimid slí bheatha amach nó conas a chaithimid ár gcuid ama, tá tionchar ag an Aontas ar ár saol laethúil.
Agus sinn ag tarraingt ar na toghcháin Eorpacha in 2019, cuireann an suíomh gréasáin seo sraith de théacsanna gearra ar fáil ina bpléitear a bhfuil bainte amach ag an Aontas mar aon lena chuid ghníomhaíochtaí ó dhearcadh an duine aonair. Tá na téacsanna seo ar fáil duit, i bhformáid aonleathanaigh, lena léamh, lena gcomhroinnt nó lena n-athúsáid. Agus más mian leat tuilleadh a fhoghlaim, caith súil ar ár bpáipéir faisnéisithe ina ndéantar grinnscrúdú ar bheartais an Aontais.

Mar sin, conas a théann an Eoraip chun tairbhe duitse?

 

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Parlaimint na hEorpa
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Trédhearcacht
Functionality
Information analysis
Maps
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article