![](/sites/default/files/logo_0.png)
Is suíomh gréasáin é ConsiliumVote.eu ar a dtaispeántar sonraí as tacar sonraí vótála agus tacar sonraí doiciméad na Comhairle.
Cruthaíodh an suíomh in aon lá amháin (rud is cúis le cuid de na lochtanna atá air) agus bhuaigh sé an comórtas Diplohack a reáchtáladh sa Bhruiséil ag deireadh Aibreán 2016.
Sa rannóg CUARDACH is féidir le húsáideoirí na vótaí uile a caitheadh sa Chomhairle a bhfuil fáil orthu a scagadh de réir dáta, réimse beartais, fhoirmíocht na Comhairle, riail vótála nó eochairfhocail. Ina theannta sin, is féidir aon cheann de na vótaí sin a aimsíodh sa chuardach a roghnú ar chaoi a thabharfaidh radharc duit ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis.
A bhuí leis an AMHARCLÉIRITHEOIR SONRAÍ bíonn radharc fíorspéisiúil le fáil ar na vótaí uile a caitheadh. Léirítear ann an líon vótaí nár caitheadh agus an líon vótaí a caitheadh in aghaidh an rúin agus cuirtear rogha mhór scagairí ar fáil.