An Eoraip i mbos do láimhe, pé áit ina bhfuil tú | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

An Eoraip i mbos do láimhe, pé áit ina bhfuil tú

Má tá tú i do shaoránach de thír san Aontas Eorpach, tá tú i do shaoránach Eorpach freisin.

Ach cad atá i gceist leis sin go praiticiúil? Bhuel, is fíor go mairimid i ré shíochánta, agus is éacht mór é sin ann féin. Ach ní hé sin an t-aon rud amháin atá déanta ag an Eoraip dúinn.
Suiteáil an Citizens' App chun tuilleadh eolais a fháil.

Tríd an Citizens' App a shuiteáil, foghlaimeoidh tú cé na daoine a dhéanann rudaí éagsúla san Aontas, cén bhaint atá ag an méid sin ar fad le do shaol laethúil agus cad iad na dúshláin atá roimh an Aontas, ar dúshláin iad roinnt mhaith díobh a mhúnlóidh do thodhchaí.

an Citizens' App:

  • tugann sí faisnéis duit faoi ábhair agus suíomhanna a bhfuil spéis agat iontu agus cuireann sí ar an eolas thú maidir lena ndul chun cinn;
  • is féidir í a chuardach, a roinnt, a phearsantú agus a rangú;
  • cuireann sí ar an eolas thú faoi imeachtaí atá ar siúl gar duit; cuireann sí do cheanáin i d’fhéilire pearsanta; taispeánann sí an bealach is fearr duit tríd an aip léarscáile is fearr leat;
  • cuireann sí inneachar ilmheánach amhail físeáin, podchraoltaí agus taispeántais sleamhnán ar fáil;
  • ligeann sí duit do shocruithe agus leabharmharcanna céanna a choinneáil ar gach ceann de do chuid gléasanna.

Comhoiriúnacht: Android agus iOS (Teastaíonn iOS 10.3 nó níos déanaí. Comhoiriúnach le iPhone, le iPad agus le iPad touch.)

Tá an aip ar fáil in 24 theanga.

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Parlaimint na hEorpa
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Trédhearcacht
Functionality
Data visualisation
Maps
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article