A bhuí le hamharcóir an ESIF is furasta cuardach a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí ar fad atá sé beartaithe a dhéanamh le mórchuid cistí de chuid an Aontais, e.g. Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg.
Úsáideann an t-amharcóir sonraí as cláir oibriúcháin Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (ESIF) agus taispeántar torthaí an chuardaigh ar léarscáil ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.
Is féidir cuardach a dhéanamh de réir tíre, réigiúin, cineál cláir oibriúcháin, earnála nó sprioc infheistíochta.
Is féidir torthaí an chuardaigh a roinnt ar líne nó iad a íoslódáil ina gcomhad CSV, Word nó PDF.