Faireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le Bochtaineacht Fuinnimh | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Faireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le Bochtaineacht Fuinnimh

Is bunriachtanas é soláthar leordhóthanach téimh, fuaraithe, soilsithe agus fuinnimh a bheith ag daoine chun a gcuid fearas a oibriú. Ní féidir caighdeán maith beatha a chinntiú ina éagmais. Dá ainneoin sin, tá breis agus 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach nach bhfuil soláthar leordhóthanach fuinnimh acu.

Sin é an rud is bochtaineacht fuinnimh ann.

Chun feabhas a chur ar thuiscint daoine ar bhochtaineacht fuinnimh agus chun beartais agus cleachtais nuálacha a neartú atá ceaptha dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, tiomsaíonn Faireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le Bochtaineacht Fuinnimh foinsí éagsúla sonraí agus eolais ó gach cearn den Aontas Eorpach.

Leis an tionscadal 40 mí seo, ar cuireadh tús leis i mí na Nollag 2016, cuirtear ar fáil cineálacha éagsúla acmhainní úsáideacha, dá leithéidí seo:

  • tábla táscairí
  • taisce sonraí
  • catalóg de bheartais agus bearta praiticiúla
  • ábhair oiliúna
  • eolaire ball
  • fóraim phlé.

Is féidir leatsa clárú mar bhall freisin: tá sé saor in aisce agus tabharfaidh sé caoi duit ar theagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara eile, ar ábhar a rochtain atá in áirithe do na baill amháin agus ar eolas a chur ar dhóigheanna nua le comhoibriú.

I mBéarla atá an suíomh.

 

 

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
EU Energy Poverty Observatory (EPOV)
Data Source
Foinsí eolais éagsúla
Eurostat
Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh
Subject
Fuinneamh
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Information analysis
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article