Food Pyramid | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Food Pyramid

Cé na hEorpaigh a ólann an méid is mó uisce? Cé acu a itheann an méid is mó torthaí — déagóirí, nó a seantuismitheoirí? Cén tír den Aontas Eorpach a bhfuil an méid is mó daoine ann ar cás leo bia sláintiúil a ithe? Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin, agus tuilleadh, in aip Phirimid an Bhia.

Déanann an aip scrúdú ar 6 chatagóir (de réir Phirimid Bia na Beilge – in Ollainnis) bia agus deochanna chun a fháil amach cén t-éileamh atá orthu i measc 9 gcinn de ghrúpaí sa daonra i ngach tír — rud a thugann chun solais fíricí suimiúla faoi na nósanna itheacháin (agus na nósanna ólacháin) atá san Aontas Eorpach.

A bhuí le Pirimid an Bhia is féidir linn a thuiscint go díreach cé mhéad den bhia agus de na deochanna is mó a thaitníonn linn ar fearrde sinn é agus cé mhéad de nach bhfuil chomh sláintiúil céanna. Is féidir linn a bheith cinnte den mhéid seo – tabharfaidh an aip seo lón machnaimh dúinn go léir!

Roghnaíodh Pirimid an Bhia don EU Datathon 2017. Is i mBéarla atá sé ar fáil.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Oehoe Data Science
Data Source
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
Subject
Cothú
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Maps
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article