Is é an bunachar sonraí KEEP an t-aon fhoinse amháin d'fhaisnéis chomhiomlánaithe i ndáil le tionscadail agus tairbhithe na gclár sin den Aontas Eorpach atá dírithe go hiomlán ar an gcomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach laistigh den Aontas Eorpach, agus ar an gcomhar idir na Ballstáit agus a dtíortha comharsanacha.
Is faoin clár Interact a dhéantar an bunachar sonraí a bhainistiú, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach agus ó na cláir trasteorann eile, Interreg-IPA agus ENPI.
Tá sonraí ann faoi na clárthréimhsí 2000–06, 2007–13 agus 2014–20.
Is féidir teacht ar shonraí de gach cineál sa bhunachar, ó fhorléargas ginearálta ar na cláir sin ar an leibhéal Eorpach go heolas mionsonraithe faoi na cláir, mar shampla sonraí teagmhála na bpríomh-chomhpháirtithe nó an cuspóir sonrach den chlár lena mbaineann tionscadal ar leith.