Turas beartaithe agat? Eolas faoi chathair ag teastáil uait? Fiosrach faoi cheantar ar leith, ach tinn tuirseach de bheith ag póirseáil ar líne le teacht ar eolas faoi? Seans go mbeidh KH HIT-CITY ina chuidiú agat.
Is aip mhóibíleach í KH HIT-CITY, a chuidíonn le lucht a úsáidte eolas a chur ar chathracha.
Tugtar le chéile ann Google Maps, Google Street View, an Vicipéid, tuar na haimsire, bialanna, amharclanna, cógaslanna, imeachtaí, grianghraif, físeáin agus go leor eile nach iad in aon aip amháin.
Ní gá ach ainm na háite a bhfuil suim agat ann a chlóscríobh, nó a rá isteach sa mhicreafón, agus beidh tú in ann teacht ar an eolas ar fad atá uait: idir stadanna bus agus rátaí coireachta, idir stair na háite agus an geilleagar áitiúil, idir ghruagairí agus leabhair tagartha; agus, dár ndóigh, tá léarscáileanna ann freisin.
Ní gá duit an cuardach céanna a athdhéanamh ar shuíomhanna gréasáin éagsúla, ná cluaisíní éagsúla a oscailte i do bhrabhsálaí: ní gá ach athrú idir na cluaisíní agus giuirléidí éagsúla laistigh d'aon aip amháin.
Bain triail as KH HIT-CITY — beidh líon na bhfeidhmeanna éagsúla atá ann ina ábhar iontais agat!
Tá Android 5.0 (Lollipop) nó leagan níos déanaí ag teastáil.
Is i mBéarla atá KH HIT-CITY.