![](/sites/default/files/jrc-fishing-intensity-map_3.jpg)
Den chéad uair riamh tá léarscáileanna mionsonraithe ar fáil de na limistéir is mó ina ndearnadh iascaireacht le linn na tréimhse 2014–2015 san Eoraip. Is le huirlis nua atá ceaptha ag an JRC a cuireadh an t¬eolas sin ar fáil. A bhuí le riansonraí soithí iascaireachta, is féidir faisnéis a thiomsú faoi nósanna iascaireachta pobal cósta agus is féidir a dhéanamh amach, cuir i gcás, na limistéir is minice a ndéanann muintir na bpobal sin iascaireacht iontu.
D'éagmais na faisnéise sin ní fhéadfaí straitéisí beartais agus bainistíochta a cheapadh chun 'fás gorm' a mhéadú. Is éard is 'fás gorm' ann an cuspóir atá ag an Aontas Eorpach féachaint leis go n¬úsáidfear acmhainní na farraige ar dhóigh a nginfidh níos mó brabúis agus a bheidh níos inbhuanaithe.