
Cé hiad is mó a chaitheann airgead ar bhrústocaireacht san Aontas Eorpach? An bhfuil cothromaíocht ann idir brústocaireacht corparáideach agus brústocaireacht ar mhaithe le leas an phobail? An bhfuil níos mó nó níos lú airgead á chaitheamh ag brústocairí i mbliana ná mar a bhí anuraidh? Cabhróidh LobbyFacts leat na ceisteanna sin, agus ceisteanna eile nach iad, a fhreagairt.
Cuirtear uirlisí ar fáil duit ar LobbyFacts.eu chun sonraí oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin mbrústocaireacht – idir sonraí reatha agus sonraí ón am atá thart – a chuardach, a shórtáil, a chur i gcomparáid lena chéile agus a anailísiú, chun súil a choinneáil ar bhrústocairí agus ar an tionchar a bhíonn acu ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Seo samplaí den úsáid is féidir a bhaint astu: stair den bhrústocaireacht atá déanta ag eagraíocht ar leith a chruthú nó fáil amach cé a d'eagraigh an líon is mó cruinnithe le hoifigigh shinsearacha an Choimisiúin.