Dearadh an tionscadal 'LobbyPlag' chun nósanna imeachta daonlathacha atá casta agus doiléir a dhéanamh trédhearcach.
Léiríonn LobbyPlag na leasuithe atá á mbeartú agus cé atá á mbeartú, agus ní gá duit aon dua a chur ort ransú trí na mílte doiciméad.
Déanann sé dréachtrialacháin a scanadh chun teacht ar chosúlachtaí téacs idir an iliomad doiciméad poiblí agus doiciméid a sceitheadh, atá ar fáil ina bhunachar sonraí, agus déanann sé anailís ar na gníomhaíochtaí atá déanta ag na 32 rialtas ina leith (san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus san Eilvéis), rialtais a bhfuil baint acu le próiseas cinnteoireachta na Comhairle.
Chun tuilleadh eolais a fháil, roghnaigh tír, grúpa polaitiúil nó Feisire Eorpach atá ar an deichniúr ar bharr an liosta.