![](/sites/default/files/logo1_1.png)
Conas a úsáidtear sonraí oscailte go praiticiúil? Cad iad na cásanna inar gá rochtain a fháil ar shonraí agus iad a phróiseáil?
Tugann an Mapa Tionchair le haghaidh Sonraí Oscailte freagraí ar na ceisteanna sin trí chásanna úsáide faoi shonraí oscailte ó thíortha ar fud an domhain a chur le chéile i mbunachar sonraí láir, a cruthaíodh go comhpháirteach ag an bpobal domhanda le haghaidh sonraí oscailte.
Is as staidéir a rinneadh roimhe, as samplaí a thug gréasán idirnáisiúnta d'fhoirne tacaíochta réigiúnacha uathu, as suirbhé ar líne, agus astaighde críochnúil a tarraingíodh an t-eolas.
Is féidir leat an Mapa a úsáid chun réimse leathan de chásanna úsáide a scagadh nó comparáid agus anailís a dhéanamh orthu le haghaidh sonraí oscailte - agus do chuid torthaí a íoslódáil i bhformáidí atá inléite ag meaisín.