MEPvote | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

MEPvote

Aip is furasta a úsáid é MEPVote.eu ina bhfuil eolas faoi mar ar vótáil Feisirí Pharlaimint na hEorpa sa Pharlaimint agus faoi na cúiseanna a bhí acu leis an vóta a chaith siad.

Tar éis vóta a chaitheamh, míníonn na Feisirí i scríbhinn na cúiseanna a bhí acu leis an rogha a rinne siad. Ní hamháin go bhfuil tiomsaithe ar MEPvote na sonraí vótála ar fad ó 2009 ar aghaidh, ach tá na cúiseanna a bhí ag na Feisirí leis an vóta a chaith siad ann freisin.

Tá ceithre rogha sa roghchlár:

  • ALL VOTES – toradh deiridh na ballóide, na paraiméadair vótála agus na torthaí uile vótála de réir grúpa polaitiúil agus de réir tíre.
  • VOTE BY STATE – na vótaí a chaith Feisirí aonair as tír áirithe.
  • VOTE BY GROUP – na vótaí a chaith Feisirí aonair as grúpa polaitiúil áirithe.
  • VOTE BY MEP – na sonraí pearsanta uile san fhearann poiblí agus na vótaí uile a chaith Feisire áirithe.

Bíonn na roghanna sin uile ag idirghníomhú lena chéile. Is furasta duit, dá bhrí sin:

  • gach gné de vóta áirithe a fhiosrú
  • scagairí cuardaigh a chur i bhfeidhm
  • díriú ar théamaí ar leith nó ar thréimhsí ama.

Is féidir miontuairiscí agus doiciméid eile a íoslódáil freisin.

I mBéarla atá MEPvote.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Miquel Català
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Subject
Trédhearcacht
Parlaimint na hEorpa
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Statistics
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article