![](/sites/default/files/ICT_logo.png)
Cuidíonn teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide go mór chun nuálaíocht agus fás a chur chun cinn. An infheistíocht atá á déanamh sa réimse seo faoi Chiste Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), tá sí ag cur borradh faoin bhfás réigiúnach.
Tá thart ar EUR 21.4 billiún de mhaoiniú ar fáil ón CSIE do na blianta 2014-2020 d'infheistíocht in TFC amháin.
Tá “uirlis monatóireachta TFC” forbartha ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh chun a thaispeáint cá bhfuil an t-airgead á chaitheamh agus cad air a bhfuil sé á chaitheamh.
Bristear síos an caiteachas ar TFC faoin gCiste Struchtúrtha agus Infheistíochta ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir méide, eochairfhocail, cineál maoinithe agus na torthaí a scagadh de réir tíre, réigiúin nó scagairí speisialta eile.
Is féidir torthaí an chuardaigh a roinnt ar líne nó iad a íoslódáil ina gcomhad CSV, Word nó PDF.