![](/sites/default/files/Devices_mockup_openlaws%20600.png)
An dóigh leatsa go bhfuil eolas dlíthiúil agus comhlíonadh dlíthiúil róchasta agus róchostasach? Tabharfaidh openlaws cúnamh duit fanacht ar an eolas maidir le reachtaíocht nua agus dlínse nua.
Bailítear eolas ar an ardán seo as foinsí éagsúla agus tiomsaítear ansin é in aon chóras amháin. Ina theannta sin, tugtar rogha duit maidir le gnéithe pearsantaithe a úsáid chun táirgiúlacht an tsuímh a mhéadú. Más úsáideoir cláraithe thú, tig leat oiriúnú a dhéanamh ar do bhailiúchán pearsanta, téacs a aibhsiú, nótaí tráchta a fhágáil, clibeanna a chur isteach, comhaid a chur isteach, fógraí a fháil, comhoibriú le do chomhghleacaithe agus le do chuid cliant, grúpa a chruthú, eolas a roinnt agus mar sin de.
Dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá openlaws chun cuidiú leo a gcuid oibleagáidí reachtacha agus a gcuid ceanglas maidir le comhlíonadh a chur díobh.
Níor cuireadh ar an ardán go dtí seo ach ábhar as an Ostair agus as an nGearmáin. Tá fáil ar an gcomhéadan úsáideora i nGearmáinis agus i mBéarla.