![](/sites/default/files/parltrack_logo_small_0.jpg)
Is tionscnamh Parltrack arb é is aidhm leis feabhas a chur ar thrédhearcacht na reachtóireachta Eorpaí. Bunachar sonraí atá ann ina bhfuil faisnéis maidir le tograí beartais, Feisirí Eorpacha, torthaí vótála agus cláir oibre coistí.
Má thugtar spléachadh ar Parltrack, is furasta a fheiceáil cé na Feisirí Eorpacha agus na coistí atá ag láimhseáil tograí áirithe, agus is furasta an dul chun cinn a rianú trí ríomhphost agus trí RSS.
Chun tuilleadh faisnéise níos mionsonraithe a fháil, is féidir cuardach níos doimhne ná sin arís a dhéanamh, trí na tacair sonraí éagsúla a chrostagairt . Mar shampla, má dhéantar na hainmneacha i dteidil na dtograí maidir le díolúine pharlaiminteach a mheaitseáil le hainmneacha Feisirí Eorpacha, tabharfaidh sé léargas cothrom le dáta ar na nósanna imeachta ar fad maidir le díolúine i gcoinne Feisirí Eorpacha.
Tá sonraí Parltrack ar fáil mar shonraí oscailte ar féidir a bhulc-íoslódáil agus mar API éadrom d'fhorbróirí. Tá tromlach na sonraí ar fáil le haghaidh tuilleadh próiseála in JSON agus in CSV.