![](/sites/default/files/PolitixEU_Logo-Claim.png)
Cad atá á dhéanamh ag an tAontas Eorpach duitse?
Freagraíonn Politix EU an cheist sin agus taispeánann sé cén chaoi a múnlaíonn beartais an Aontais saol an uile dhuine dínn gach lá, i ngan fhios dúinn uaireanta.
Cuirtear síos ann ar dhóigh shimplí shothuigthe ar dhlíthe atá sé beartaithe ag an Aontas a thabhairt isteach, tugtar eolas cúlra na ndlíthe sin agus luaitear na grúpaí is mó a mbaineann siad leo. Tugtar sonraí brústocairí freisin agus tá blag agus nuachtlitir le fáil.
Ó tháillí fánaíochta go lipéadú táirgí feola agus saorghluaiseacht daoine ar fud an Aontas, tugann an tAontas dlíthe isteach i ngach réimse den saol, siúd is nach mbeadh a fhios sin agat ar an gcéad amharc.
Tá an tionscnamh seo ina chuid de Advocate Europe (comórtas bliantúil smaointe do thionscnaimh agus do thionscadail Eorpacha) agus ina chomhpháirtí ag an European Student Think Tank, ardán idirnáisiúnta atá faoi stiúir mac léinn agus arb é is aidhm dó smaointe faoin Aontas Eorpach a chomhroinnt.