Quote Finder | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Quote Finder

Cad iad na focail atá ag treochtáil i réimse na ngnóthaí Eorpacha? Cad faoi a mbíonn Feisirí Eorpacha ag tvuíteáil?
 

Is aip é Quote Finder atá forbartha ag an nGréasán Sonraí Iriseoireachta Eorpach agus a chuidíonn leat teacht ar fhreagraí na gceisteanna seo agus ar fhreagraí ceisteanna eile, agus a thugann léamh faoi leith ar ghnóthaí an Aontais Eorpaigh duit.

 

Is féidir leat an uirlis a úsáid chun tvuíteanna Feisirí Eorpacha a ransú agus a scagadh, agus chun néalta focal a chruthú leis na frásaí is mó a úsáideann siad.
 

Is féidir leat ábhar a scagadh de réir na nithe seo a leanas:

  • eochairfhocail
  • haischlibeanna
  • cleamhnacht pholaitiúil
  • teanga na tvuíte
     

Ar a bharr sin, le Quote Finder is féidir leat breathnú trí théacsanna atá foilsithe ag institiúidí an Aontais, preaseisiúintí cuir i gcás. Agus is féidir leat roghanna taispeána éagsúla a phiocadh, an tsraith ama mar shampla, chun na hathruithe atá tagtha ar ábhair threochtála san Aontas a fheiceáil.

 

Tá Quote Finder bunaithe ar phacáiste tiomnaithe foinse oscailte don teanga ríomhchlárúcháin R: tá an cód foinse ar fáil ar GitHub.

 

Tá doiciméid faoin bpróiseas maidir le sonraí a bhailiú agus aipeanna gréasáin a úsáid le fáil ar shuíomh gréasáin Quote Finder ionas go mbeidh tú in ann na haipeanna gréasáin a athchruthú, a leathadh nó a oiriúnú le haghaidh feidhmeanna eile. 

 

Tá Quote Finder ar fáil i roinnt teangacha ach is i mBéarla atá an comhéadan scagtha.

 

 

 

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
EDJNet
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Subject
Trédhearcacht
Parlaimint na hEorpa
Na meáin shóisialta
Cumarsáid
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Information analysis
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article