Suirbhéanna ar líne gan stró le EUSurvey! | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Suirbhéanna ar líne gan stró le EUSurvey!

An raibh ort riamh na tuairimí atá ag do pháirtithe leasmhara faoi cheist ar leith a bhailiú?
Dul i gcomhairle le gnólachtaí, saoránaigh nó dreamanna eile go tapa?
Suirbhéanna a dhéanamh ar shástacht úsáideoirí? Foirmeacha clárúcháin le haghaidh comhdhálacha a ullmhú?
Tá EUSurvey ar fáil anois i dtrí cinn agus fiche de theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Is córas bainistíochta suirbhéanna ar líne é EUSurvey lenar féidir foirmeacha don phobal a chruthú agus a fhoilsiú, m.sh. suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí agus comhairliúcháin phoiblí.

In 2013 a seoladh EUSurvey, agus is í uirlis oifigiúil bainistíochta suirbhéanna an Choimisiúin Eorpaigh í. Is é is príomhchuspóir dó suirbhéanna oifigiúla a chruthú chun tuairimí an phobail a fháil agus foirmeacha a chruthú don chumarsáid inmheánach agus don bhainistíocht foirne, m.sh. suirbhéanna ar thuairimí na mball foirne agus foirmeacha chun measúnuithe a dhéanamh nó le clárú.

Laistigh de EUSurvey, cuirtear raon leathan eilimintí ar fáil a úsáidtear ar fhoirmeacha, ó na cinn is simplí (m.sh. ceisteanna téacs agus ceisteanna ilrogha) go cinn níos casta (scarbhileoga ineagarthóireachta agus eilimintí ilmheáin).

Tá an feidhmchlár á óstáil ag an Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún a bhíonn ag plé le seirbhísí digiteacha (AS DIGIT) agus tá sé ar fáil saor in aisce do gach saoránach den Aontas Eorpach. Is féidir teacht ar EUSurvey ag:

(https://ec.europa.eu/eusurvey)

 

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
An Coimisiún Eorpach
Functionality
Comparative results
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article