Tá an Tairseach Eorpach um Fhaisnéis Sláinte á reáchtáil ag an Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS/an Eoraip). Ar an tairseach bailítear le chéile bunachair sonraí, tuarascálacha agus nuacht faoin tsláinte phoiblí.
Is féidir úsáid a bhaint as cairteacha idirghníomhacha le staidéar a dhéanamh ar na sonraí atá foilsithe. Mar shampla, is féidir leat scrúdú a dhéanamh ar threochtaí ama na dtíortha atá roghnaithe agat nó comparáid a dhéanamh idir tíortha. Is féidir leat anailís a dhéanamh freisin ar na sonraí a bhaineann le cuspóirí ‘Health 2020’, beartas sláinte EDS don Eoraip.
Is i mBéarla agus i Rúisis atá an tairseach ar fáil.