Tríd an taiscéalaí sonraí seo is féidir rochtain a fháil ar thorthaí an tsuirbhé agus is féidir freagraí a scagadh de réir catagóirí éagsúla freagróirí amhail aois, claonadh gnéis agus tír chónaithe. Foislíodh torthaí an tsuirbhé i mBealtaine 2013 agus fianaise luachmhar atá iontu ar an idirdhealú, foréigean agus ciapadh a fhulaingíonn daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha (LADT) de dheasca leatroim i réimsí éagsúla den saol - fostaíocht, oideachas, cúram sláinte, tithíocht agus seirbhísí eile san áireamh. Is féidir na torthaí a fheiceáil ar dhóigheanna éagsúla (léarscáil, barrachairt nó i dtábla sonraí) agus is féidir iad a easpórtáil chuig go leor formáidí éagsúla.