![](/sites/default/files/Votewatch-logo_2012_0.png)
An spéis leat súil a choinneáil ar na vótaí a chaitheann Feisirí Pharlaimint na hEorpa nó Airí Chomhairle an Aontais Eorpaigh? An mian leat súil a choinneáil ar an gcaoi a vótálann na Ballstáit? Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh a bhfuil comhghuaillíochtaí á gcur ar bun idir páirtithe polaitiúla Eorpacha?
A bhuí leis an aip seo gheobhaidh tú an t-eolas sin ar fad agus tuilleadh eolais lena chois, rud a ligfidh duit cúrsaí polaitiúla san Aontas Eorpach a thuiscint ar dhóigh níos fearr.
Eagraíocht neamhrialtasach is ea VoteWatch Europe a dhéanann monatóireacht ar na vótaí a chaitheann polaiteoirí Eorpacha.
Tugtar eolas ar a shuíomh gréasáin faoinar caitheadh de vótaí i bParlaimint na hEorpa agus i gComhairle na nAirí ó bhí Iúil 2009 ann - ceisteanna parlaiminteacha, aithisc, tuarascálacha etc. ó fheisirí de chuid na mBallstát uile san áireamh. Tá rochtain ann ar shonraí mar aon le hanailís ar chinntí polaitiúla agus ar ghníomhaíochtaí institiúidí an Aontais Eorpaigh.