Chun bheith sábháilte, ThinkDirty! | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Chun bheith sábháilte, ThinkDirty!

Nuair a rinneadh diagnóis go raibh ailse chíche ar a máthair den dara huair, chinn Lily Tse, arb as Ceanada di, ar thaighde a dhéanamh ar na cúiseanna iomadúla a d’fhéadfadh a bheith leis an ngalar, go háirithe na comhábhair i dtáirgí cosmaideacha agus i dtáirgí cúraim phearsanta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach don duine. Ábhar mór buartha a bhí sa mhéid a fuair sí amach. 
Is í an aip Think Dirty® an toradh atá ar an bhfiosrúchán pearsanta a rinne Lily ar thionscal na scéimhe agus ar tháirgí áilleachta.
Déanann an aip seo anailís ar na mílte cosmaid agus táirge cúraim phearsanta as Ceanada agus na Stáit Aontaithe go príomha. Tugann Think Dirty® eolas soiléir simplí duit a chabhróidh leat comhábhair ‘shalacha’ a shainaithint agus roghanna malartacha níos glaine a cheannach.
Tugann Lily, bunaitheoir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Think Dirty®, ‘réabhlóid tomhaltóirí’ ar an bhforbairt seo mar go gcabhraíonn sé le tomhaltóirí cosmaidí níos sábháilte a roghnú trí eolas a chur ar na comhábhair ina gceann agus ina gceann. Agus an t-eolas sin acu, is féidir le tomhaltóirí aistriú de réir a chéile chuig roghanna malartacha níos glaine.

Is i mBéarla amháin atá an aip ar fáil agus tá eolas inti ó fhoinsí éagsúla, roinnt foinsí ón Aontas Eorpach ina measc.

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Think Dirty®
Data Source
Cosmetic ingredient database (Cosing)
Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Sláinte
Functionality
Data visualisation
Database
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article