Clár na nInstitiúidí Creidmheasa | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Clár na nInstitiúidí Creidmheasa

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach a chuir an Clár atá ann faoi láthair ar bun ar bhonn an eolais a chuir na Ballstáit ar fáil agus ar an mbonn sin amháin. Dá bhrí sin, murab ionann is cláir institiúidí creidmheasa eile a choinnítear ar leibhéal náisiúnta, níl aon tábhacht dhlíthiúil aige agus ní thugann sé aon chearta dlíthiúla. Má tá aon institiúid neamhúdaraithe curtha sa Chlár gan chuimhneamh, ní athraíonn sé sin a stádas dlíthiúil ar bhealach ar bith; ar an gcaoi chéanna, má tá institiúid fágtha ar lár ón gClár, ní athraíonn sé sin bailíocht a údaraithe ar bhealach ar bith. Maidir le hiontrálacha sa cholún dar teideal 'Foirm dhlíthiúil', atá, de réir a gcineáil, neamh inaistrithe den chuid is mó, ní mór a thabhairt le fios nach gá go gciallódh sé sin go gcuireann cosúlachtaí téarmaíochta in iúl go bhfuil an stádas dlíthiúil céanna acu. Maidir le hiontrálacha sa cholún dar teideal 'Scéim Ráthaíochta Taiscí' ní mór a thabhairt le fios chomh maith, fiú má tá institiúid creidmheasa cumhdaithe faoi scéim ráthaíochta taiscí ar leith, nach gá go gciallódh sé sin go bhfuil gach cineál taisce agus méid gach taisce i dteideal cúitimh faoin scéim. Braithfidh sé seo ar na rialacha is infheidhme maidir leis an scéim ráthaíochta taiscí mar atá leagtha amach i dTreoir 94/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaíochta agus na rialacha náisiúnta lenar cuireadh an Treoir seo i bhfeidhm. Tá an fhaisnéis go léir atá sa Chlár seo curtha ar fáil ag údaráis inniúla atá freagrach i gcónaí as sonraí ábhartha a thaifeadadh go beacht agus a thabhairt cothrom le dáta. Níl de fhreagracht ar an ÚBE ach an an fhaisnéis a fhaightear a atáirgeadh go cruinn.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
An tÚdarás Eorpach Baincéireachta (ÚBE)
Data Source
Ballstáit an AE
Subject
access to information
credit institution
Functionality
Data visualisation

Text of this article