ECBstatsApp - Feidhmchlár staidrimh do thaibléid | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

ECBstatsApp - Feidhmchlár staidrimh do thaibléid

Is aip ECBstatsApp lenar féidir teacht ar staitisticí a thiomsaíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE), le cabhair ó bhainc ceannais náisiúnta an Aontais Eorpaigh, agus lenar féidir iad a thaispeáint. Is é is aidhm do na staitisticí seo tacú le beartas airgeadais an Bhanc Ceannais Eorpaigh agus le cúraimí eile de chuid an Eurochórais agus an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, agus le cúraimí a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais.
Tá amharcléirithe réamhshainithe san aip seo i dtaca le topaicí ar nós príomhtháscairí a bhaineann leis an limistéar euro, rátaí malairte, praghsanna, airgeadas rialtais, comhiomláin airgeadaíochta agus rátaí úis bainc. Tá taiscéalaí sonraí ann freisin chun nascleanúint a dhéanamh trí na sonraí sin agus trí shonraí eile de réir catagóir eacnamaíoch. Is féidir amharc ar na staitisticí is déanaí agus iad a thaispeáint i dtáblaí, cairteanna agus mapaí, iad a shábháil i ndíolamaí sonraí sonracha, nó iad a iompórtáil agus a roinnt i bhformáidí éagsúla (ar nós .csv, .pdf agus íomhánna).
Is é Stóras Sonraí Staidrimh BCE foinse na sonraí atá san aip agus sa stóras sin ní sonraí a tháirgeann BCE amháin atá sa stóras sin ach sonraí a tháirgeann eagraíochtaí idirnáisiúnta eile (ar nós Eurostat agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta).
Tá an aip seo bunaithe ar SDMX, ar caighdeán de chuid ISO (ISO 17369:2013) i ndáil le malartú faisnéise staidrimh é agus tá sé urraithe ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, BCE, Eurostat, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda.
Tá an aip seo ar fáil saor in aisce do thaibléid Android agus iOS.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
Data Source
Stóras Sonraí Staidrimh BCE
Subject
Staidreamh
Functionality
Data visualisation
Downloadable graphics
Maps
Statistics

Text of this article