![](/sites/default/files/EU%20Integrity%20watch%20image_0.png)
Tá EU Integrity Watch ceaptha monatóireacht a dhéanamh ar a ionraice atá na cinntí a dhéanann polaiteoirí san Aontas Eorpach. Is féidir le húsáideoirí an ardáin seo úsáid a bhaint as lena sheiceáil an bhfuil coinbhleachtaí leasa, tionchar míchuí nó éilliú féin le fáil laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Is as na foinsí seo a leanas a bhaintear sonraí EU Integrity Watch: suíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (i gcás cruinnithe stocaireachta), suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa (i gcás dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais) agus Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh (i gcás eolas ar eagraíochtaí stocaireachta).
Déantar na sonraí sin a bhailiú, a chomhchuibhiú agus a chur ar fáil ar an ardán, mar a bhféadfaidh úsáideoirí an fhaisnéis a chuardach, a rangú nó a scagadh ar dhóigh iomasach.