![](/sites/default/files/indicatorSnapshots_17.gif)
Cuireann an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach faisnéis faoi thriomach ar fáil ar nós léarscáileanna agus graif táscairí a fuarthas ó fhoinsí sonraí éagsúla (e.g. toisí frasaíochta, toisí satailíte, agus samhlacha dáilte hidreolaíocha). A bhuí le tacar uirlisí éagsúla lenar féidir an fhaisnéis atá ar fáil chomh maith leis an "Nuacht faoi Thriomach" a foilsíodh go neamhrialta a thaispeáint agus a anailísiú, tugtar forbhreathnú ar staid na haimsire i gcás teagmhais triomaigh atá le teacht. Cuireann an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach léarscáileanna casta ar fáil do shaineolaithe mar aon le táscairí comhcheangailte ardleibhéil atá dírithe ar chinnteoirí.
Tá Faireachlann Dhomhanda um Thriomach á cur ar bun faoi láthair a bheidh bunaithe ar an bhFaireachlann Eorpach um Thriomach agus ar fhaireachlanna dá samhail i Meiriceá Theas agus Láir agus san Afraic, ar faireachlanna iad sin a chuir an fhoireann chéanna ar bun.
Is féidir le húsáideoirí ardchumais an chóras faisnéise geografaí (GIS) an tairseach a úsáid chun teacht ar sheirbhísí Léarscáile Gréasáin a chomhlíonann critéir na Feadhnachta Geospásúla Oscailte (OGC).