GoodGuide | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

GoodGuide

Abair gur in ollmhargadh atá tú agus gur mhaith leat uachtar aghaidhe a roghnú, nó seampú a fháil do do leanbh as measc an iliomad táirgí. Conas is féidir leat fios a bheith agat cé na cinn is sláintiúla? Nó cé na cinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de? Conas a bheidh a fhios agat má tá substaintí contúirteacha in aon cheann acu?

Is aip é GoodGuide a ceapadh sna Stáit Aontaithe chun freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin san fhíor-am.

Déanann GoodGuide táirgí a rangú trí úsáid a bhaint as eolas faoi na comhábhair atá iontu agus as rialacháin maidir le ceimiceáin. A bhuí leis an aip bíonn teacht ag tomhaltóirí ar eolas faoin táirge láithreach, eolas atá éasca le tuiscint.

Chun a fháil amach an bhfuil comhábhair ina bhfuil guaiseacha sláinte aitheanta sa táirge, is féidir le tomhaltóirí sna Stáit Aontaithe táirgí nó comhábhair áirithe a chuardach ar an suíomh gréasáin, nó barrachód an táirge a scanadh leis an aip mhóibíleach.

Ó tharla gur le haghaidh táirgí a dhíoltar sna Stáit Aontaithe a forbraíodh an aip, ní bhaineann an aip scanta barrachód leis an Eoraip. Ach cé gurb éagsúil in amanna foirmeacha na dtáirgí i SAM agus san Eoraip, tá teacht go forleathan ar fud an domhain ar bhrandaí móra, agus tá eolas an-chabhrach le baint ag tomhaltóirí san Eoraip as GoodGuide fós. Níl le déanamh ach táirgí a chuardach de réir ainm agus branda.

Rud is tábhachtaí fós, déanann GoodGuide tagairt do rialacha an Aontais maidir le cosmaidí agus táirgí cúraim phearsanta - arb iad na rialacha is doichte ar domhan iad i dtaca leis an gcosaint sláinte de.

Is i mBéarla amháin atá an aip seo.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
GoodGuide Inc.
Data Source
Foinsí eolais éagsúla
an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
Subject
Sláinte
Functionality
Data visualisation
Database
Information analysis
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article