Is bunachar sonraí de thrialacha cliniciúla é OpenTrials.
Is éard is aidhm leis na sonraí agus na doiciméid go léir atá ar fáil go poiblí, faoi gach triail a dhéantar ar fud an domhain ar gach táirge leighis agus gach cóireáil eile, a aimsiú, a nascadh le chéile agus a chomhroinnt.
Ceapadh an tionscadal ar chaoi a mhéadaíonn an trédhearcacht i dtaca le trialacha cliniciúla taighde ar domhan agus a fheabhsaíonn rochtain ar thaighde.
Is é an sprioc atá leis innéacs oscailte is féidir a athúsáid gan srian a chruthú den fhaisnéis uile thuasluaite sin, chun go mbeidh sé níos éasca teacht uirthi, chun taighde a éascú, chun sonraí neamhleanúnacha a shainaithint, chun gur féidir iniúchtaí a dhéanamh ar infhaighteacht agus iomláine na faisnéise sin, chun tacú le habhcóideacht i gcomhair sonraí níos fearr agus chun feabhas a chur ar chaighdeáin a bhaineann le sonraí oscailte sa Leigheas ar Bhonn Fianaise.
Leagan Béarla amháin den tionscadal atá ar fáil agus é fós ag an gcéim béite.