Réigiúin agus Cathracha le Léaráidí – Eurostat | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Réigiúin agus Cathracha le Léaráidí – Eurostat

Le "Réigiúin agus Cathracha le Léaráidí", is féidir amharc grafach a fháil ar tháscairí réigiúnacha agus féachaint ar shonraí do na réigiúin is mó a bhfuil suim agat iontu.
Tá sonraí le fáil san uirlis idirghníomhach seo faoi réigiúin, cathracha agus catagóirí eile den tíopeolaíocht chríochach, bailithe le chéile faoi fhearainn agus fo-fhearainn staidrimh éagsúla. Is féidir leat an léarscáil idirghníomhach a úsáid chun críocha ar leith a roghnú go tapa, agus bíonn roghanna éagsúla ar fáil duit chun comparáid agus anailís a dhéanamh ar bhealach atá éasca don úsáideoir. Taispeántar feidhmíocht na gcríoch éagsúil le himeacht ama ar amlíne beochana.
Tá painéil éagsúla in 'Réigiún agus Cathracha le Léaráidí', agus bíonn léarscáil idirghníomhach sa phána ar chlé ar gach ceann acu. Sa phána ar dheis, tá rogha idir ceithre amharc éagsúla: léaráid den dáileadh, scaipghram, barra-chairt nó tábla sonraí.
Mar sin roghnaigh ábhar ar bith: dífhostaíocht, turasóireacht, eolaíocht, sláinte agus a lán nach iad agus cuir eolas níos fearr ar an Eoraip.
Tá an aip le fáil i dtrí theanga: Béarla, Fraincis agus Gearmáinis.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Eurostat
Data Source
Eurostat
Subject
hEorpa
Functionality
Cartography
Comparative results
Data visualisation
Maps
Statistics
Timeline
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article