Cuireann taiscéalaí sonraí Eurofound torthaí na suirbhéanna a dhéanann sí ar fud na hEorpa ar fáil go héasca. Leis an uirlis ilteangach idirghníomhach sin beidh tú in ann sonraí a chuardach ar leibhéal ceiste ar leith, tuarascálacha ón Eoraip ar fad a chuardach agus comparáidí a dhéanamh, nó scrúdú grinn a dhéanamh ar thorthaí tíre ar leith. Is féidir sonraí a léirshamhlú ar an iliomad bealach, lena n áirítear léarscáil Eorpacha, barrachairteacha náisiúnta agus Eorpacha agus grúpaí tíortha grafaiceacha. Is féidir léirshamhluithe agus sonraí a roinnt ar líne nó a íoslódáil i bhformáidí éagsúla, formáidí ardtaifigh san áireamh. Cuardaigh sonraí ón Suirbhé Eurofound ar Chaighdeán Saoil.