Taighde agus Forbairt i ndáil le Galileo agus EGNOS, Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Taighde agus Forbairt i ndáil le Galileo agus EGNOS, Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí

An bhfuil suim agat i gcórais dhomhanda loingseoireachta satailíte? An bhfuil eolas uait faoi na tionscadail atá ar bun san Aontas Eorpach?
Cuidiú a bheidh san aip 'Taighde agus Forbairt i ndáil le Galileo agus EGNOS' chun na tionscadail iomadúla a bhaineann le EGNSS (córas domhanda loingseoireachta satailíte na hEorpa) a bhrabhsáil. Is féidir tionscadail a chuardach de réir critéir amhail ainm tionscadail, tír nó earnáil.
An raibh a fhios agat gur cruthaíodh na scórtha fréamhshamhlacha, táirgí nuálacha, agus clárúchán trádmharcanna agus paitinní de thoradh tionscadail a maoiníodh mar chuid den 7ú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha (CC7, 2007 2013)?
Bí ar an eolas faoin gcéad bhabhta taighde EGNSS eile! Tá sin ar siúl i láthair na huaire faoi chuimsiú Fís 2020 (2014 2020), clár reatha an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht.
Tá leaganacha iOS agus Android den aip is féidir a íoslódáil mar aon le leagan don ghréasán. Is í an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a dhéanann bainistiú uirthi.

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (GSA)
Data Source
CC7
Fís 2020
Subject
Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte
Taighde agus Forbairt
Functionality
Database
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article